1 Timothy 2:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is mian liom, leis, go gcuirfeadh na mná éadaighe oireamhnacha umpa féin, go geanmnaidhe, banamhail; gan gruaig threillseach, gan ór, ná péarlaí, ná culaithe luachmhara;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an gcuma chéanna is mian liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluachach,