1 Timothy 3:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir an dream do ní miniosdrálachd go maith gnodhnighid síad céim maith dhóibh féin, agus dánach mhór trés an gcreideamh atá a Niósa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir na daoine do‐ghní seirbhís mhaith mar dheochanaibh, do‐geibh siad céim mhaith dhóibh féin, mar aon le dánacht mór san gcreideamh atá i nÍosa Críost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar an méid a chruthaíos go maith mar dhéagánaigh gnóthaíonn siad céim mhaith sa saol agus muinín mhór as creideamh in Íosa Críost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ardchéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ard-chéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.