1 Timothy 3:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gan amharus as mór seicréod na díaghachda: Do rinneadh Día follas sa ccoluinn, do foillsigheadh é na fhiréun sam Sbioruid: do chonncas é ré hainglibh, do rinneadh a shéanmóir do na Cineadhachuibh, do chreideadh dhó sa tsáoghal, agus do gabhadh súas chum glóire é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus caithfear a admháil gur mór í rúndiamhair ár gcrábhaidh: nochtadh i gcolainn é, fíoraíodh sa Spiorad é, chonaic na haingil é, fógraíodh i mease na gciníocha é, creideadh ann ar fud na cruinne, ardaíodh i nglóir é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)