1 Timothy 3:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As cóir dhó fós deaghtheisd do bheith air ag an druing atá a muith; deagla go bhfuigheadh se sgannuil agus go dtuitfeadh sé a ndul an díabhal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Thairis sin, ní folair deagh‐theist bheith ag na daoinibh atá amuigh air; ar eagla go dtuitfeadh sé i scannal agus i ndol an diabhail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus caithfidh sé meas na n-eachtrannach a thuilleamh ar eagla go dtitfeadh sé faoi achasán agus go gcuirfeadh an diabhal dol roimhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.