1 Timothy 4:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige; achd bí mar eisiompláir don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhearsaid, a ngrádh, a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do dhéanamh det’ óige; acht bí id’ eisiompláir do lucht an chreidimh, i mbriathraibh béil, i mbéasaibh, i ngrádh, i gcreideamh, i bhfíor‐ghlaine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná lig dʼaon duine bheith beag beann ar dʼóige, ach tabhair dea-shampla do lucht an chreidimh i do chaint agus i dʼiompar, i do ghrá, i do chreideamh agus i do gheanm-naíocht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná lig d' aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d' óige ach bí i d' eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná lig dʼaon duine tú a dhíspeagadh mar gheall ar dʼóige ach bí i dʼeiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.