1 Timothy 4:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch thoirmisgeas pósadh, an bíadh do sheachna, noch do chrúthuigh Día chum a chaithmhe maille re haltughadh don druing chreideas agus agá bhfuil fios na fírinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag cur coisc le pósadh agus g‐á mholadh staonadh ó bhiadhannaibh atá cruthuighthe ag Dia chum go gcaithfeadh na daoine fuair creideamh agus eolas na fírinne iad le buidheachas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a chrosas ar dhaoine pósadh agus a ordaíos dóibh staonadh ó chineálacha bia a chruthaigh Dia ionas go nglaca an dream creidmheach, a bhfuil fios na fírinne acu, leo go buíoch beannachtach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)