1 Timothy 4:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corparrdha: achd is tarbhach an díaghachd chum na nuile neitheann, agá bhfuil gealladh na beatha atá a lathair, agus chum teachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus déan cleachtadh ar an diadhacht: óir is beag an tairbhe atá i n‐aclaidheacht cuirp; acht atá tairbhe le h‐aghaidh an uile nidh san diadhacht, mar tá innti geallamhain na beathadh atá ann anois, agus atá le teacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
siúd is go bhfuil leas beag le baint as lúthchleas corportha, bíonn gach cineál leasa sa chráifeacht, ós féidir sochar a bhaint as don saol seo agus don saol atá le teacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.