1 Timothy 5:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
deagh‐theist bheith uirthi ás ucht deagh‐ghníomhartha; má tá clann oilte aici: má chuir sí fáilte roimh stróinséiribh, má nigh sí cosa na naomh, má chug sí fóirithin ar lucht aindeise, má lean sí go dícheallach do gach saghas deagh‐ghnímh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus caithfidh teastas maith a bheith aici ar a dea-ghníomhartha, mar bhean a thug oiliúint do chlann, agus dídean do strainséirí, a níodh cosa na naomh, agus a dʼfhóir ar lucht na hainnise, agus í go dícheallach le leas a dhéanamh ar gach dóigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)