1 Timothy 5:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós ar mbeith dhóibh díomháoin, fóghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tígh; agus ni hé amháin bheith díomháoin, achd bíodánach mar an gcéudna agus dá sáthadh féin sna neithibh nach beanann ríu, ag rádh neitheann nach bí ionnráidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Thairis sin, ag éirghe díomhaoin dóibh, bíonn siad ag dul ó thigh go tigh; agus ní h‐é díomhaoin amháin, acht bíonn siad cainnteach, fíosruightheach, ag cur síos ar neithibh nach ceart dóibh labhairt ’n‐a dtaobh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus lena chois sin, bíonn siad ag foghlaim falsachta, agus iad ag bothántaíocht, agus iad ní hamháin ina bhfalsóirí ach ina nglagairí cúlchainteacha, ag rá nithe nár choir dóibh a rá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.