1 Timothy 5:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin as toil leam na mná óga fir do phósadh, clan do bhreith, aire do thabhairt do ghnothuighibh an tíghe, agus gan cionfátha ar bith do thabhairt do náidhbherseóir ré labhairt go holc.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin is toil liom go bpósfadh na mná óga, go mbéarfaidís clann, go riarfaidís gnóthaí an tighe, gan aon adhbhar scannail do thabhairt do’n áidhbheirseoir:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin de, dʼiarrfainn ar na baintreacha óga bheith ag pósadh agus ag iompar clainne agus ag rialú a dteaghlach, gan aon fhaill fhonóide a thabhairt don áibhirseoir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
B' fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bʼfhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.