1 Timothy 5:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má atá fear nó bean don druing chreideas agá bhfuilid baintreabhacha, tugaidís dhóibh fóirighin a ríachdanuis, agus ná bíodh a muirighin ar a neagluis; ionnus go mbíadh go lór aice ré thabhairt do na fíobhaintreabhachuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má tá bean de lucht an chreidimh ann, agus baintreabhacha fá n‐a cúram aici, déanadh sí fóirithin ortha, chum nach mbéidh a gcúram ar an eaglais; chum go mbéidh go leor aici le h‐aghaidh na ndaoine atá ’n‐a mbaintreabhachaibh dá ríribh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má tá aon bhean ann a bhfuil creideamh aici agus baintreacha ar a daoine muinteartha, cuidíodh sise leo; ná bídís ina n-ualach ar an eaglais, ionas go gcuidí an eaglais leis na fíorbhaintreacha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n-ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muinteartha léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n-ualach ar an eaglais chun go bhféadfaidh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha.