1 Timothy 5:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuírim dúalach ort a bhfíadhnuisi Dé, agus an Tíghearna Iósa Criósd, agus na naingeal toghtha, na neithese choiméud gan suim do bheith agad a neach seach ar oile, gan ní ar bith dhéunamh dhuit go cláon.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuirim mar athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toghtha, na neithe seo do dhéanamh gan claoin‐bhreith, gan fabhar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is os comhair Dé agus os comhair Íosa Críost agus os comhair na ndea-aingeal a chuirim ort na rialacha seo a choinneáil gan claonadh le taobh ar bith, ná rud ar bith a dhéanamh atá éagothrom.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n-aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n-aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.