1 Timothy 5:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh má tá baintreabhach ar bith agá bhfuil clann no clan chloinne, déunuidís fóghluim ar tús ar íad féin thaisbéunadh go díagha ann a dtíghthibh féin, agus ar mhálairt do thábhairt dá dtuismightheóiribh: óir ís ní maith geanamhuil so a bhfíadhnuisi Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má tá aon bhaintreabhach ann agus clann nó clann clainne aici, foghlaimidís ar dtús gur dual dóibh cráibhtheacht do thaisbeáint d’á líon tighe féin, agus cúiteamh do dhéanamh le n‐a dtuismightheoiribh: óir atá sin taithneamhach i bhfiadhnaise Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má bhíonn clann nó clann clainne ag baintreach, bíodh orthu ar dtús foghlaim gur den chreideamh a ndualgas a dhéanamh dá dteaghlach féin agus an chomaoin a chuir a dtuismitheoirí orthu a chúiteamh; ós taitneamhach sin i súile Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.