1 Timothy 6:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tugadh gach a bhfuil do shearbhfhoghantuighuibh faói chuing meas gur fiu a maighisdreagha a nuile onóir dfagháil, ionnus nach bhfuigheadh aimn Dé agus a theagusg sgannail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Measadh siad‐san uile atá fá chuing na sclábhaidheachta gur fiú a máighistrí féin gach urraim, chum nach bhfaighidh ainm Dé agus an teagasc scannal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh a bhfuil faoi chuing na daoirse ag meas gur fiú a máistrí a n-onórú, ionas nach gcuirfí míchlú ar ainm Dé ná ar ár dteagasc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n-aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n-aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc.