1 Timothy 6:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fogair don druing atá sáibhbhir sa tsáoghalsa, gan bheith áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a sáidhbhreas neamhbuáin, achd sa Día bheó do bheir dhúinne go sáidhbhir na huile neither chum a ccaithmhe;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Maidir le lucht saibhris an tsaoil seo, mol dóibh gan bheith uaibhreach, ná a ndóchas a chrochadh as saibhreas neamh-iontaofa ach as Dia a bhíos ag soláthar dúinn na nithe uile a mbainimid só astu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan a bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimid só as.