1 Timothy 6:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an dream agá bhfuilid maighisdreadha deaghchreidmheacha, ná bíodh tarcuisne aca orrtha do bhrígh gur dearbhráithre íad; achd go madh móide dhéanuid seirbhis, do bhrígh go bhfuilid síad deaghchreidmheach grádhach, agus pártach sa dtiodhlacadh. Múin agus teaguisg na neithese.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an méid go bhfuil máighistrí chreideas aca, ná bíodh dí‐mheas aca ortha, toisc gur bráithre iad; acht go mb’ fhearrde an tseirbhís dhéanfas siad dóibh é, toisc gur creidmhigh ion‐ghráduighthe na daoine bhaineas an tairbhe as a seirbhísí. Múin agus mol na neithe seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná bíodh an méid acu a mbíonn creidmhigh ina máistrí orthu easurramach dóibh as siocair iad a bheith mar bhráithre acu; go mba mhóide a dhéan-faidís a bhfreastal ós do chreidmhigh is ansa leo a théas sé ar sochar. Bíodh na dualgais seo á dteagasc agus á moladh go dian agat.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt. Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon droch-mheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt.