1 Timothy 6:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Diosbóireachd chíapálach dhaóineadh truáilligh na ninntinn, agus atá dealuighthe ris a nfírinne, agus shaóileas gur díaghachd a néudáil: dealuidh ré na samhuil sin do dhaóinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus imreasán an dreama a bhfuil a n-intinn truaillithe agus an fhírinne ceilte orthu, ag meas nach bhfuil sa chráifeacht ach deis le hairgead a ghnóthú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n-intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n-intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.