2 Chronicles 16:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do adhlaiceadar é iona thúama feín, noch do rinne sé dhó feín a ccathruigh Dháibhi, agus do chuireadar é annsa leabuidh do bhí lán do dheaghbholuidhibh agus do mhórán sórt spíosradh ar na ngleús dealadhuin an photecari: agus do rinneadar loscadh romhór ar a shon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuireadar é sa tuama a d' ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d' adhnadar béileach mhór thine ina onóir.