2 Chronicles 16:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin rug an rígh Asa Iúdah uile leis; agus rugadar leó clocha Ramah, agus a hadhmad, le a raibh Baasa gha cur súas; agus do chuir se Geba agus Mispah súas leó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thionóil Ásá rí Iúdá go léir agus thug siad chun siúil na clocha agus an t-adhmad lena raibh Báiseá ag tógáil, agus leis an méid sin dhaingnigh sé Geaba agus Mizpeá.