2 Chronicles 18:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt rígh Israel re Iehosaphat, Atá fós aonduine amháin, lé a bhféadfuimís ceastnughadh um an TTIGHEARNA: acht atá fúath agamsa air, óir ní thairghireann sé maith dhamh go bráth, acht olc gach uile úair: sé sin Micaiah mhac Imla. Agus a dubhairt Iehosaphat, Ná habradh an rígh marsin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát.