2 Chronicles 19:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do rinne Iehosaphat comhnuigh ann Ierusalem: agus do chuáidh sé amach a rís ar feadh an phobail ó Bheerseba go slíabh Ephraim, agus thug sé ar a nais íad chum an TIGHEARNA Día a naithreadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis tamaill a chaitheamh in Iarúsailéim, thug Iahóiseáfát cuaird ar a phobal ó Bhéar Seaba go hardáin Eafráim, lena dtabhairt ar ais chuig an Tiarna, Dia a sinsear.