2 Chronicles 2:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mac mná dingheanuibh Dan, agus duine do Thíor a athair, glic a noibriughadh a nór, agus a nairgiod, a bprás, a níarann, a ccloich, agus a nadhmad, a bpurpuir, a ngorm, agus a linéadach fhínéulta, agus a ndearg; agus mar an gcéadna do ghreannadh gach éantsóirt oibre greanta, agus do bhreith éoluis air gach uile stuáim da ccuirfighthear chuige, maille re do dhaóinibh gliocasa, agus re daoinibh glioca mo THIGHEARNA Dáibhi hathair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
13 mac mná de chuid na nDánach ach fear ón Tuír mar athair aige. Tá sé oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, cloiche, adhmaid, agus ar éidí corcra, gorma, craoraga, agus ar línéadach mín, agus ar gach sórt greanadh a dhéanamh, agus ar aon phatrún a iarrtar air a chur i gcrích. Cuirtear i mbun oibre é le do cheardaithe féin agus le ceardaithe mo thiarna, Dáiví, d' athair.