2 Chronicles 2:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, atáim ag deanamh tighe dainm mo THIGHEARNA Dé, da choisreagadh dhó, agus do losgadh túise déaghbholaidh dá lathair, agus don narán taisbéanta laetheamhuil, agus do na hofráluibh loisge maidin agus tráthnóna, annsna sabboidibh, agus annsna reéibh núadha, agus a bhféastuighibh sollamanta ar TTIGHEARNA Dé. Atá so dúalach air Israel go bráth.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
3 Táim ag tógáil tí anois d' ainm an Tiarna mo Dhia lena thíolacadh dó le túis spíosraí cumhra a dhó os a chomhair agus le harán an taispeántais a ofráil i gcónaí, agus le híobairtí a loscadh maidin agus tráthnóna, ar na sabóidí agus ar an ré nua, agus ar shollúntais an Tiarna, ár nDia, mar atá ceaptha go deo d' Iosrael.