2 Chronicles 2:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht cía fhéadas tigh do dhéanamh dhó, ó nach féidir lé neamh agus re neamh na neamh a rochduin ionta? cía misi air a nadhbharsin, as a ndéanuinn tigh dhó, achd amháin íodhburtha do losgadh as a choinne?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
5 Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair?