2 Chronicles 21:20 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do budh dhá bhliadhuín déag ar fhithchid a aois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh an Ierusalem ocht mbliadhna, agus dimthigh sé gan íarruidh air. Acht cheana do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhí, gidheadh ní a ttúamaibh na ríogh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D' imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.