2 Chronicles 22:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus diarr sé Ahasiah: agus rugadar air, oír do bhí sé a bhfolach a Samária, agus thugadar go Iehu é: agus a núair do mharbhadar é, do adhlaiceadar é: Do bhrígh (ar siadsan), gur bé mac Iehosaphat é, noch díarr an TIGHEARNA maille ré na uile chroidhe. Marsin nach raibh cumhachda ag tigh Ahasiah an rioghachd do chongmhail a ccomhnuidhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú. Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. «Ba mhac le Iahóiseáfát é,» ar siad, «a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.»