2 Chronicles 23:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin thug Iehoiada an sagart amach caiptínigh na ccéad do cuireadh ós cionn an tslóigh, agus a dubhairt sé ríu, Beiridh amach í as na hórduibh: agus gidh bé leanfas í, marbhthar é leis an ccloidheamh. Oír a dubhairt an sagart, Ná marbhuidh a ttigh an TIGHEARNA í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin ghlaoigh Iahóideá ar na hoifigigh airm agus dúirt leo: «Beirigí libh amach idir na ranganna í agus aon duine a leanann í, cuirtear chun báis leis an gclaíomh é!» Óir bhí sé ráite ag an sagart: «Ná cuirigí chun báis í i dTeampall an Tiarna.»