2 Chronicles 24:25 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuaír do imthigheadar úadh, (óir dfágbhadar a neasláintibh móra e,) do oibrigheadar a sheirbhísigh féin na aghaidh ar son fhola mhac Iehoiada an sagart, agus do mharbhadar é ar a leabuidh, agus fúair sé bás: agus do adhlaiceadar é a ccathruigh Dhaibhi, acht níor adhlaiceadar a ttuamaibh na ríogh é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus d' fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe.