2 Chronicles 24:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chruinnigh sé a bhfochair chéile na sagairt agus na Lebhítigh, agus a dubhairt sé riu, Eirghidhe amach go caithreachaibh Iúdah, agus cruinnigidh ó Israel uile airgiod dathnuaghadh thighe bhur Ndé ó bhliadhuin go blíadhuin, agus féuchuidh go ndéantaoi deithnios ris an ccúis. Gidheadh ní dhéarnadar na Lebhitígh deithnios ris.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chruinnigh sé na sagairt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: «Téigí amach go cathracha Iúdá agus bailigí go leor airgid ó Iosrael go léir ionas go bhféadfaí Teampall bhur nDé a dheisiú ó bhliain go bliain, agus déanaigí é seo go tapa.» Ach rinne na Léivítigh moill.