2 Chronicles 24:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghoir an rígh air Iehoiada an túachdarán, agus a dubhairt sé ris, Cred fa nár chuir tú dfiachaibh air na Lebhítibh an gearradh do thabhairt a steach ó Iúdah agus ó Ierusalem, do réir aithne Mháoise serbhíseach an TIGHEARNA, agus chomhchruinnighe Israel, go tabernacuil na fíadhnuise?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: «Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim?