2 Chronicles 25:11 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do neartuigh Amasiah é féin, agus do thréoruigh sé a mhuinntir amach, agus do chuáidh sé go gleann an tsaluinn, agus do bhuail sé do chloinn Seir deich míle.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír.