2 Chronicles 26:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díothramh, agus do thocuil sé mórán tobar: óir do bhí iomarcuidh áirnéise aige, san tír íochdaruigh aráon, agus annsna réitibh: luchd tigheaduis mar an ccéadna, agus luchd déanta fíneamhna annsna sléibhtibh, agus ann Carmel: óir dob ionmhuin leis tigheadhus.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.