2 Chronicles 3:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do rinne sé an tigh is ro náomhtha, do bé a fhad sin do réir leithne an tighe, fithche cubhad, agus a leithiod fithche cubhad: agus dfoluigh sé lé hór fíorghlan é, ráinic sé chum sé chéad tallann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d' ór fíre.