2 Chronicles 30:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Marsin dimthigheadar na teachda leís na litreachaibh ón rígh agus ó na prionnsadhuibh ar feadh Israel agus Iúdah, agus do réir aithne an rígh, gha rádh, A chlann Israel, fillidh a rís chum an TIGHEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, agus fillfe sé ar an bhfuighioll atá dhíbhse, noch dimthigh as láimh rígh na Hassíria.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: «A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d' fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d' éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.