2 Chronicles 31:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois a núair do críochnuigheadh so uile, do chuáidh a nuile dhuine Disrael dá raibh a lathair amach go caithreachaibh Iúdah, agus do bhrisiodar na hiomháighe na mblodhuibh, agus do gheárradar síos na garráin, agus do theilgeadar seachad na háite árda agus na haltora amach as Iúdah agus as Beniamin, ann Ephraim fós agus a Manasseh, no gur scriosadar go hiomlán íad. Annsin dfilleadar clann Israel uile, gach áon dá sheilbh féin, ann a ccaithreachaibh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí sin go léir thart, d' imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d' fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.