2 Chronicles 34:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair Hilciah, agus a dubhairt sé re Saphan an scribhneóir, Fuáir mé leabhar an dlighe a ttigh an TIGHEARNA. Agus thug Hilciah an leabhar do Shaphan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: «Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,» agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán.