2 Chronicles 5:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar an gcéadna na Lebhítigh do bhí na luchd ceóil, sliochd Asaph, agus Heman, agus Iedutun uile, maille re na macaibh agus le na ndearbhráithribh, ar na néadughadh a líneadach gheal, agus cimbail aca agus saltracha agus cláirseacha, do sheasadar ág an cheann shoir don naltóir, agus céud agus fithche sagart maille ríu ag déanamh fhuáime re stocuibh:)
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc.