2 Chronicles 7:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin tairreonga misi as a bhfréamhuibh amach íad as am bhfearann noch thug mé dhóibh; agus an tighse, noch do naómhuidh mé dom ainm, teilgfidh mé as mo radharc é, agus dó dhéana mé seanfhocal agus focal magaidh dhe a measc na nuile chineadhach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m' ainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir.