2 Corinthians 1:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhíbhse ag cómhchúngnamh ré chéile a núrnuighe air ar son, ionnus go ttiubhradh mórán buidheachus air ar soinne do bhrigh an tiodhlaice fúaramar air son mhóráin dáoinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus sibh‐se ag cuidiú linn le h‐athchuinghe ar ár son; chum go dtiubhraidh a lán daoine buidheachas ’n‐ár dtaobh as ucht na tíodhlaice do bronnadh orainn ar impidhe móráin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Caithfidh sibh féin cabhrú linn freisin leis an urnaí, ionas go mbeidh mórán ag tabhairt buíochais do Dhia ar ár son mar gheall ar an ngrásta atá mar thoradh ar mhórán urnaithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach sibhse a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhórán.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach sibh-se a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhóráin.