2 Corinthians 1:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a sé so ar ngáirdeachaisne, fíadhnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neamhurchóid agus a bhfíorghloine dhíadha, agus nach a ngliocas colluidhe, achd maille ré grás Dé, do bhí ar gcoinbhearsáid sa tsáoghal, agus go mórmhór eadruibhsi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is ábhar maíte dúinn é fianaise ár gcoinsiasa féin, gur iompraíomar sinn féin ar an saol seo, go háirithe sna cúrsaí a bhain libhse, go diaga naomhdhúthrachtach, ní le gliceas talmhaí ach le grásta Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libh-se; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.