2 Corinthians 1:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír Mac Dé, Iósa Críosd, noch do rinneamairne sheanmóir eadruibhse, misi agus Silbhánus agus Timóteus, níor bha aseadh agus ní headh é, achd a seadh do bhí annsan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir Íosa Críost, Mac Dé, do sheanmóireamar daoibh, is é sin mise agus Silbhánus agus Timótéus, níor ’seadh agus ní h‐eadh é, acht ní fhuil ann acht ’seadh i gcómhnaidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an Mac sin Dé, Íosa Críost, a bhíodh á sheanmóireacht ag Silbhánus agus ag Timótéus agus agam féin in bhur measc, níorbh aon is ea agus ní hea é; mar ní bhíonn ann ach is ea i gcónaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid ní raibh aon «sea» agus «ní hea» ann siúd; ní raibh ann ach an «sea,»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn–agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid–ní raibh aon ‘sea’ agus ‘ní hea’ ann siúd; ní raibh ann ach an ‘sea,’