2 Corinthians 1:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní hé gur tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd luchd cungnanta sinn do bhur ngáirdeachas: oír is tré chreideamh sheasus sibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní h‐é go ndéanaimíd máighistreacht ar bhur gcreideamh, acht go bhfuilmíd ag cur le n‐bhur n‐áthas; óir is tré chreideamh sheasas sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní hea go mbímid ag déanamh máistreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibriú libh le háthas a bheith oraibh, ó bíonn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun a bheith sonasach.