2 Corinthians 1:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus más buáidhirt dúinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, noch más furtachd duinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, oibrighthear ionnuibh a bhfulang a námhgair chéudna fhuilngemid féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má’s buaidhirt dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta agus bhur slánuighthe é; nó má’s cómhfhorthacht dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta é, ag oibriú ionnaibh, agus sibh go foighdeach ag fulang na bpianta céadna fhulaingmid‐ne:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní bhíonn angar orainne nach mbíonn sólás agus slánú oraibh dá bharr; agus ní bhíonn sólás againne nach mbíonn ina shólás agaibhse, ach glacadh go foighneach le bhur gcuid de na pianta a bhíos orainne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)