2 Corinthians 10:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois sirimse Pól dathchuinge oraibh tré mhacántus agus cheannsachd Chríosd, noch ar mbeith dhamh do láthair bhíos íseal eadruibh, achd do ní dánachd oruibh an tan nach bím bhur lathair:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, athchuinghim‐se, Pól, bhíos úiríseal ’n‐bhur measc, agus mé ’n‐bhur láthair, acht bhíos an‐dána ’n‐bhur dtaobh agus mé as láthair, as ucht caoimhe agus mánlachta Chríost, impidhim oraibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mise, Pól, á iarraidh dʼimpí oraibh as ucht mhín-chneastacht Chríost—mise a bhíos chomh humhal uiríseal sin le bhur mbéal, agus ag déanamh dánachta oraibh nuair nach bhfuil mé in bhur láthair!—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá achainí phearsanta dá iarraidh agam oraibh as ucht chineáltas agus cheansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.