2 Corinthians 10:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní laimhmaóid sinn féin do cheangal, nó chur a gcomórus re druing áirighe bhíos dá moladh féin: gidheadh ní thuigid síad, gur dá dtomhas féin ríu féin bhid síad, agus dá gcomórtus féin ré chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ní lámhaimíd sinn féin d’áireamh, nó do chur i gcóimheas le daoine áirithe bhíos g‐á moladh féin: acht g‐á dtómhas féin dóibh, agus g‐a gcur féin i gcóimheas le chéile, atáid gan tuigsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní deir sin go bhfuil sé de dhánacht againn sinn féin a shamhlú nó a chur i gcomórtas le cuid den dream úd nach bhfágann fuíoll molta orthu féin. Ach nuair nach mbíonn daoine ach dá dtomhas féin in éadan a chéile agus ag dul i gcomórtas le chéile, ní bhíonn tuiscint ar bith acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcóimheas le daoine áirithe a bhíonn dá gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibh-sean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.