2 Corinthians 10:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Chum as tsoisgéil do sheanmóir sna críochaibh atá don táobh amuigh dhaóibhsi, ní chum mordhala dhéanamh as riaghuil dhuine eile, as neithibh atá ullamh cheana.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
go leathnóchar ár dteora n‐bhur measc chómh mór sin go seanmóirfimíd an soiscéal ins na críochaibh ar an taobh thall díbh, gan maoidheamh as a bhfuil déanta cheana taobh istigh de theorainn aon duine eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
le bheith ag craobhscaoileadh an tsoiscéil sna tíortha taobh thiar díbh, agus gan bheith ag déanamh mórtais as obair atá déanta cheana i ngort na comharsan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó.