2 Corinthians 10:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír biodh go ndéanuinn ní éigin ní sa mhó do mhórdháil as na cúmhachduibh atá aguinn, tug an Tighearna dhúinn chum bhur bhfollamnuighthesi, agus ní chum bhur gcurtha ar gcúl, ní bhíadh adhnáire oram:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir bíodh go ndéanfainn beagán maoidhmheachais san mbreis as ár h‐ughdarás (thug an Tighearna dhúinn chum bhur leasuighthe, ní chum sibh do leagadh),
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Á chur i gcás féin go mbímse ag déanamh an iomarca mórtais as an údarás seo againne, a bhronn an Tiarna orm chun bhur leasa agus ní chun bhur n-aimhleasa, ní náire ar bith dom é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis–údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibh-se a thógáil agus ní chun sibh a leagan–ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.