2 Corinthians 11:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a ní do ním, do dhéanad fós é, ionnus nách dtiubhruinn cionfátha don druing ler mían cionfatha dfagháil; chum a bhfaghála comhchosmhuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóithfeachus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht an méid do‐ghním, leanfad de, chum nach dtugad faill do’n dream gur mian leo faill d’fhágháil; chum go bhfaighfidhe iad bheith chómhchosmhail linne i dtaobh an nidh atá mar adhbhar maoidhmheachais aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach leanfaidh mé orm ar an nós seo, leis an talamh a bhaint faoi chosa an dreama sin a bhíos ag iarraidh iad féin a chur ar aon chéim linne, ós iad a chuaigh i gcomórtas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé á dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé dá dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun a bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne.