2 Corinthians 11:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deirim a rís, Na tugadh éunduine meas dhuine gan chéill oram; nó fós, gabhuidh chuguibh mé mar neach gan chéill, go ndéanuinnsi fós beagán mórdhála asam féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adeirim arís, Ná measadh aoinneach gur duine dith‐céillidhe mé; má mheasann sibh‐sé e, glacaidh liom mar dhuine dith‐céillidhe, agus leigidh dhom beagán maoidhmheachais do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Táim á iarraidh oraibh arís, gan meas amadáin a bheith agaibh orm; agus má tá féin, pardún an amadáin a thabhairt dom, as mórtas a dhéanamh chomh maith le duine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin ormsa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin orm-sa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách.