2 Corinthians 11:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As a dtáobh easonóra a deirim so, amhuil mar bhéimisne annbhfan. Má seadh fós gidh bé ar bith ni as a bhfuil neach eile dána, (labhrum go mícheillidhe,) atáimse mar an gcéudna dána as.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Labhraim ’gam’ cháineadh féin, amhail mar bhéimís ro‐lag. Acht má tá adhbhar dánaidheachta ag duine ar bith (ag labhairt go dith‐céillidhe atáim) atáim‐se dána, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Siúd is gur náireach le rá é, admhaím go rabhamar ró-lag le sin a dhéanamh! Ach má tá aon ábhar maíte ag aon duine—ós ag labhairt mar amadán atá mé—deirim go bhfuil an t-ábhar sin agam.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as caint bhuile í seo tá an maíomh céanna le déanamh agamsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as–caint bhuile í seo–tá an maíomh céanna le déanamh agam-sa.